Fáilte is fiche go suíomh idirlíne ár scoile, Gaelscoil Mhic Easmainn.
|
2018 Oíche Rásaí na gCon
Reachtálfaidh Comhairle na dTuismitheoirí Oíche Rásaí na gCon ar son GSME, ar an 21ú Aibreán, 2018. Ocáid iontach soisialta a bheidh ann do theaghlaigh agus pobal na scoile chomh maith le Feachtas bailithe airgid chun Taibhléidí leictreonacha a chur le háiseanna teicneolaíochta na Gaelscoile. |
GSME Parent’s Association will hold a ‘Night at the Dogs’ in the Kingdom Greyhound Stadium on Sat. 21st April 2018. The night promises to be a wonderful social gathering with families from the school and from the local community. As our school is fully committed to advancing technology, this event is to raise funds to incorportate Electronic Tablets into our I.T. system for our students. |
|

|
2018 Foireann Tráth na gCeist
 |
Táimíd an bhrósúil as Foireann Tráth na gCeist na Gaelscoile a ghnóthaigh an 3ú áit san RDS, i mBÁC inné 8/4/18 i dTráth na gCeist bliantiúil an Chomhairle Chreidmheasa.
100 teams of 4 children competed for National titles in the annual Credit Union Schools Quiz National final in Dublin’s RDS on Sunday, April 8th.
Having won out Stage 1 Credit Union Level and Stage 2, Regional Chapter Level, the Under 11 Gaelscoil Mhic Easmainn team comprising of Iarla Ó hAiniféin, Grace Ní Dhomhnaill, Ruairí Ó Loingsigh agus Donncha Mac Uileagóid represented the newly formed Cara Credit Union formerly Tralee Credit Union, at the National Finals in the RDS Dublin recently. Our “Fearless team of four” led the scoreboard for many rounds, but succumbed to an outstanding Dromconrath team. Final tally awarded GSME 3rd place in a highlty competitive but most entertaining afternoon of questions covering geography, history,music, literature and sport. Comhghairdeas libh uilig. |
2018 Coillte
Thug Bernard Burke, Business Area Manager le Coillte, athair le Cáit, Rang a 5, cuairt orainn an tseachtain seo. Bhronn Bernard crann ar gach duine sa scoil. Chomh maith le sin d’iompaigh sé an fód chun Crann Beithe a chur i gclós na scoile. Míle Buíochas, a Bhernard. Beimid ag faire ar an gcrann seo ag fás… |
 |
2017 Aonach na Nollag/School Fair
Bhí lá iontach ag gach duine idir óg is aosta ag Aonach na Nollag inné. Bailíodh €7,884 ar son na scoile. Míle Buíochas do gach duine a thug tacaíocht dúinn ar an lá. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Comhairle na dTuismitheoirí a d’eagraigh an tAonach. Bhí saothair a chuid oibre le feiscint inné. Molaimíd sibh go léir! |

Nóta:
Lean sinn ar Facebook le haghaidh cúrsaí reatha. Beidh imeachtaí/nuachta áirithe ar shuíomh na scoile agus imeachtaí/nuachta eile ar Facebook. Tá nasc idir an dá áit. Go raibh maith agaibh go léir!
|
Please Follow us on Facebook for up todate News and Current Events. Some items will be posted on our Website and some on Facebook. Both sites ar linked. Thank you for your co-operation. |
2017 Tinreamh Iomlán
Comhghairdeas le gach duine . Níor chaill na páistí seo aon lá ar scoil don scoilbhliain 2016/17. Maith sibh agus lean leis an dea-obair! |
 |
2017 Slán le Rang a 6
Guímíd gach rath ar Rang a 6 atá ag fágáil an scoil inniu. Thosnaíodar i Rang Naíonáin Bheaga i 2009. Go n-éiri go geal libh go léir sa saol amach anseo. |
 |
2017 Corn Uí Dhónaill
Nuair a d’éirigh an Máistir Seán Ó Dónaill as mar mhuinteoir i nGaelscoil Mhic Easmainn, roinnt blianta ó shoin, bhronn sé Chorn ar an scoil . Ó shin i leith, imrítear cluichí peile inscoile an t-am seo bliana agus bhronntar Chorn Uí Dhónaill ar an fhoirean is fearr. Bhí an-lá i bPairc peile na nGaeil ag na cluichí seo inné. Bhronn Cáit, Príomhoide GSME an Chorn ar Aoife Ní Ruairc, Captaen na fóirne a bhuaigh an chomórtas. |
 |
2017 Lá Spóirt
La Spóirt den scoth ag Muintir na Gaelscoile ar an Luan faoi theas álainn na gréine anseo i láthair na scoile agus Ranganna 1-6 thíos i bPáirc na Gaeil. Bhí gach éinne idir óg agus aosta ana shásta nuair a thiomáin Declan, fear an uachtar reóite isteach sa chlós – díreach an rud a bhí ag teastail i ndiaidh rásaíocht agus spórt an lae. A THUILLEADH PICTIÚIRÍ AR FACEBOOK.
|

|
2017 Blitz Chispheile na nGardaí
Comhghairdeas le Múinteoir Bríd agus Foireann Chispheile GSME a bhuaigh an blitz Chispeile i dTobar Mháigh Dor ar an Aoine 5ú Bealtaine. Bhí an comórtas seo eagraithe agus urraithe ag na Gardaí. Bhain gach éinne ard taithneamh as na haíonna speisialta a bhí i láthair i rith an lae, Garda agus rinceoir, Aidan O Mahony agus fear mór spóirt é féin Micheál Ó Muircheartaigh. Maith sibh ar fad.
A thuilleadh pictiúirí le feiscint ar Facebook/More photos on Facebook |

|
2017 Comórtas Peile Ghael Linn
Comhghairdeas le Foireann Peile GSME a bhuaigh ar Scoil Mhichíl Chiosóg, Co. an Chláir sa Chraobh , i gComórtas Peile Ghael Linn ar an Déardaoin 1/6/17. Bhí comórtas dian ann thar dhá lá idir na fóirne ar fad a bhí páirteach. Buíochas leis an dá Mháistir, Colm agus Déaglan, traenálaí peile GSME. ‘Sé seo an ceathrú blian as a chéile go bhfuil an onóir baint amach ag an scoil. Maith sibh ar fad.

|
2017 An Céad Chomaoineach
Comhghairdeas le Rang a 2 a ghlac a gCéad Chomaoineach Naofa ar an Satharn 27ú Meitheamh i Séipéal Naomh Éoin. Bhí gach duine ag féachaint go hálainn agus bhíomar an-bhródúil astu ar fad mar rang. Ár mbuíochas do mhúinteoir Emma, Cuntóir Cáit, Príomhoide Cáit, an tAthair Ó Nualláin, tuismitheoirí agus gach éinne a chabhraigh chun an lá seo a dhéanamh chomh speisialta do pháistí Rang an Chéad Chomaoineach 2017. Tá fís deas le feiscint ar Facebook. |
We wish to Congratulate Rang a 2, who received their First Holy Communion on Saturday, May 27th in St. John’s Church. This day is a very special day in the lives of our children. Thank you Múinteoir Emma, Cuntóir Cáit, Príomhoide Cáit, Fr. Nolan, parents, and everybody who helped in anyway to make this day so special and memorable for our Holy Communion Class of 2017. There is a very nice video clip to be viewed on our FB page. |

|
2017 Comórtas ‘Scríobh Leabhar ‘
Bhí oíche den scoth san Ionad Oideachais aréir nuair a bhronn John Brassil, T.D., Gradam ‘Scríobh Leabhar’ ar pháistí GSME agus ar pháistí ó scoileanna máguaird. Tá an comórtas seo urraithe ag Foras na Gaeilge. Comórtas iontach is ea é seo do pháistí a mhusclaíonn dúil sa scríobhneoireacht, léitheoireacht as Gaeilge iontu chomh maith le scileanna scealaíochta agus ealaíne a fhorbairt. Is breá leo bheith ag léamh leabhair atá scríte ag páistí eile. Tá árd- mholadh tuillte ag Múinteoirí Bríd,Máire,Nell & Caitríona. Comhghairdeas libh ar fad agus gurab fada buan sibh. |
 |
 |
2017 Blitz Chispheile na mBuachaillí
Comhghairdeas chomh maith le Foireann Chispheile na mBuachaillí a ghlac páirt i gcomórtas chispheile na mBunscoileanna eagraithe ag Scoil Cnoc an tSeabhaic inné. Bhí trí cluiche sa ghrúpa. D’éirigh le GSME dul ar aghaidh sa leath-chraobh in aghaidh scoil CBS, Trá Lí. Bhí comórtas dian acu sa Chraobh in aghaidh Scoil Éoin ach d’éirigh le Foireann GSME an Chraobh a bhuachaint. Cluiche spóirtiúil den scoth a bhí ann ón dá thaobh go raibh árd chaighdeán scileanna le feiscint. An scór deireannach ná 14 12. Bhí sé pléisiúrtha bheith ag féachaint ar na fóirne ar fad ag imirt . Comhghairdeas le Aindriú de Bhailís a bhuaigh MVP an lae. Ár mbuíochas do Mhúinteoir Máiréad, traenalaí chispheile agus ár mbuíochas do gach duine a thug cúnamh agus tacaíochta dúinn. |

Fáilte ón bPríomhoide
Ar son muintir na Gaelscoile ba mhaith liom, Cáit Uí Chonchúir, Príomhoide, fáilte a chur romhaibh go dtí ár suíomh idirlín , áit a bheidh eolas mar gheall orainn chomh maith le grianghrafanna agus scéalta a bhaineann le saol na scoile agus gach éinne atá inti. |
Tá súil againn go mbainfidh sibh idir taitneamh agus tairbhe as an eolas agus léargas seo ar shaol Gaelscoil Mhic Easmainn . . .A thuilleadh/Read more Fáilte ón bPríomhoide |
2016 Cuairt an Uachtaráin
Slideshow: Courtesy of Alan Cantwell
Cuairt an Uachtaráin.
|
Ba mhór an onóir dúinn go léir i nGaelscoil Mhic Easmainn nuair a thug Uachtarán na hÉireann , Micheál D. Ó hUiginn agus a bhean Saibhín cuairt orainn i rith Mí Aibreán 2016.
Bhí sceitimí áthais, bród agus gliondar croí ar gach duine idir óg is aosta. |
It was both a historic and memorable day in the school’s history when President of Ireland, Michael D. Higgins and his wife Sabina paid a visit to Gaelscoil Mhic Easmainn. It is one event which will not be soon forgotten. |
Our heartfelt thanks to parents Rory Kirby and Alan Cantwell who captured some beautiful images and live videos of the day which may be viewed on the following link. |
http://www.rorykirby.com/gaelscoil |