All posts by Gaelscoil Mhic Easmainn

Maidin Chaifé/Coffee Morning

Reachtálfaidh tuismitheoirí agus foireann na scoile maidin chaife sa scoil ar an Déardaoin 28/9/17 ar mhaithe leis an “Kerry Hospice Association”. Iarrtar ort tacú leis seo más féidir.  Buail isteach aon uair idir 8.15am-9.15am agus idir 11.00am-2.00pm

Please support our annual Coffee morning which will be held in the school hall on Thursday 28th September in aid of “Kerry Hospice Association”.

Comórtas Peile Ghael Linn

 

Guímíd gach rath ar fhoireann peile na scoile ar an gCéadaoin agus an Déardaoin nuair a thabharfar aghaidh ar Chomórtas Peile Ghael Linn.  Reachtálfar an fhéile peile i nGaeltacht Chorca Dhuibhne im bliana.

Cúig fhéile peile ar fad a eagraíonn Gael Linn gach bliain, ina dtagann daltaí ó scoileanna gaeltachta agus ó ghaelscoileanna le chéile i rith mí Bealtaine/Meitheamh, i gCúige Laighean, i gCúige Uladh agus  i gCúige Chonnacht, agus dhá cheann i gCúige Mumhan le freastal ar éileamh ó na scoileanna ansan.

Tar éis do gach foireann trí chluiche a imirt agus tar éis oíche mhór spraoi ag Tráth na gCeist Boird agus Céilí, imrítear an Chraobh ag meánlae ar an Déardaoin.   Cífear ansan cén fhoireann a ardóidh Corn Ghael Linn  im bliana.  GSME Abú!