Comórtas Peile Ghael Linn

 

Guímíd gach rath ar fhoireann peile na scoile ar an gCéadaoin agus an Déardaoin nuair a thabharfar aghaidh ar Chomórtas Peile Ghael Linn.  Reachtálfar an fhéile peile i nGaeltacht Chorca Dhuibhne im bliana.

Cúig fhéile peile ar fad a eagraíonn Gael Linn gach bliain, ina dtagann daltaí ó scoileanna gaeltachta agus ó ghaelscoileanna le chéile i rith mí Bealtaine/Meitheamh, i gCúige Laighean, i gCúige Uladh agus  i gCúige Chonnacht, agus dhá cheann i gCúige Mumhan le freastal ar éileamh ó na scoileanna ansan.

Tar éis do gach foireann trí chluiche a imirt agus tar éis oíche mhór spraoi ag Tráth na gCeist Boird agus Céilí, imrítear an Chraobh ag meánlae ar an Déardaoin.   Cífear ansan cén fhoireann a ardóidh Corn Ghael Linn  im bliana.  GSME Abú!

 

 

Céad Chomaoine

Guímíd gach rath ar Mhúinteoir Emma, Cuntóir Cáit agus Rang a 2 ar an Satharn beag seo, 27ú Bealtaine . Beidh an Rang a ghlacadh a gCéad Chomaoine Naofa i Séipéal Naomh Eoin ag  10.30r.n. Tá súil againn go mbeidh an ghrian ag taithneamh.

 

We wish Múinteoir Emma, and Rang a 2, our Holy Communion Class every blessing as they receive their First Holy Communion in St. John’s Church, on Saturday next, May 27th. Let’s hope the sun shines and you all have a very memorable day.

Scríobh Leabhar Gaeilge

[Not a valid template]

2017 Gradam Scríobh Leabhar

Bhí oíche den scoth san Ionad Oideachais aréir nuair a bhronn John Brassil, T.D., Gradam ‘Scríobh Leabhar’ ar pháistí GSME agus ar pháistí ó scoileanna máguaird.  Tá an comórtas seo urraithe ag Foras na Gaeilge.  Comórtas iontach is ea é seo do pháistí a mhusclaíonn dúil sa scríobhneoireacht, léitheoireacht as Gaeilge iontu chomh maith le scileanna scealaíochta agus ealaíne a fhorbairt. Is breá leo bheith ag léamh leabhair atá scríte ag páistí eile.  Tá árd- mholadh tuillte ag Múinteoirí  Bríd, Máire, Nell & Caitríona.  Comhghairdeas libh ar fad  agus gurab fada buan sibh.

Congratulations to Múinteoirí Bríd ,Máire, Nell & Caitríona on a very successful night at the ‘Scríobh Leabhar’ Awards night held at the Teachers Centre, Tralee last night.  John Brassil, T.D. had a busy night of presentations to GSME and to many schools in the surrounding areas. This is now an annual competition sponsored by Foras na Gaeilge.  Not only do the pupils write their own books as part of this project, they also have the opportunity to read and discuss stories of children from other schools. This initiative gives children an exciting opportunity to express their feelings through Irish.  This is a great opportunity for children to enjoy the Irish language and at the same time to develop the skill of story telling, reading and art. Congratulations to you all and who knows some day you may be famous authors!